Ag siúl amach an Aifrinn go Gort an Choirce. Gach Domhnach thagadh cúpla bád amach da mbíodh an aimsir go breá.
Thagadh siad amach fosta ag baint mhóna thuas ag Taobh an Leithéid, bhí cúpla míle le siúl acu nuair a thagadh siad den bhád i Machaire Rabhartaigh. Bhíodh ocras orthu leis an taisteal ach ní raibh mórán le hithe acu. Bhí sí le cróigiú agus le cur amach. Bhí obair iontach mhaslach acu. Cur síos ar seo ó thógadh siad ón phortach í go mbíodh sí sitigh ar an oileán acu. Ní raibh portach ar bith istigh in Inis Bó Finne acu. Bhí móin le fáil ar Oileán Dúiche. | 00:04:57 | |